Cuireann OISÍN réimse seirbhísí comhairle teanga agus aistriúcháin phroifisiúnta ar fáil do chuideachtaí agus daoine aonair i ngach earnáil.


Súil ar sheirbhísí
Comhairle ar an nGaeilge i gcursaí gnó
Seirbhís Phroifisiúnta Aistriúcháin
Aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla maraon le réimse leathan teangacha eile
Cúnamh le comhlíonadh forálacha Acht na dTeangacha
Tacaíocht le pleanáil teanga
Dearadh agus Foilsitheoireacht Iltheangach
Taighde Logainmneacha agus Comharthaíocht
do Sheirbhísí Chorparáideacha, Innealtóirí Údarás Áitiúil & Tógálaithe Príobháideacha etc.
Comharthaíocht Dátheangach do chuideachtaí re. feithiclí, foirgintí, fuinneoga etc.
Tá buíon mór aistritheoirí agus eagarthóirí proifisiúnta tugtha le chéile againn ar fud na tíre agus thar lear. Ina measc tá comhairleoirí, eagarthóirí, aistritheoirí cáilithe san ollscoil agus cinteoirí dúchasacha.

Cuireann OISÍN na seirbhísí seo a leanas ar fáil:

Comhairleoireacht agus Bainistíocht Tionscnamh

Thar ceann an chliaint is féidir le OISÍN na hathruithe is déanaí sa reachtaíocht agus sa tsochaí a mhíniú agus conas mar atá tionchar ag na hathruithe sin ar aitheantas gnó, bíodh an eagraíocht sin príobháideach nó poiblí.

Téann comhordnóir ar leith i dteagmháil le gach cliant chun an méid atá le déanamh a oibriú amach agus a aontú go héifeachtach agus socraítear cén leibhéal seirbhíse ata de dhíth. I gcás na n-eagras poiblí léirimid don chliant na dualgais agus na freagrachtaí nua atá orthu de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Deintear comhlíonadh na bhforálacha sin a aithint agus a phleanáil ionas gur féidir leo bheith á gcomhlionadh go leanúnach go héifeachtach.

Oiliúint i bhFeasacht Teanga

Tá fás ag teacht san éileamh ata ar an seirbhís seo. Cabhraíonn oiliúint i bhfeasacht teanga do bhaill foirne leis na nithe seo a leanas:

• cén fáth gur mian le eagraiocht polasaí dátheangach a chur i bhfeidhm
• comhthéacs agus cúlra an pholasaí a thuiscint
• bheith ar an eolas faoi tionchar an pholasaí ar a gcuid oibre féin

Is féidir Oiliúint i bhFeasacht Teanga a chur in oiriúint do riachtanais eagraíochta, rannóige nó roinne. Is féidir leis an oiliúint cabhrú le bainistiú an dátheangachais, soláthar seirbhísí, cúram custaiméara, achmainní daonna agus aitheantas corparáideach. Beidh ceisteanna cothromais ag teacht isteach níos mó agus níos mó san áireamh i ngach gné d’obair eagrais phoiblí.


Aistriúchán, Eagarthóireacht & Profáil
Is gnó lárnach an gnó seo do OISÍN. Tá cumas cainteora dhúchasach ag ár dteangairí uile a bhíonn ag tabhairt faoi aistriúcháin. Táimid go h-iomlán discréideach inár gcuid oibre maraon le amanta gearra agus praghasanna maithe.

I gcomhpháirt lena bpáirtnéirí, tá teacht ag OISIN ar breis agus 500 aistritheoirí, profálaithe agus eagarthóirí i réimse leathan teangacha. Deineann foireann OISÍN dianscrúdú ar an obair seo ar fad agus an toradh a bhíonn air seo ná caighdeán ard oibre agus sásamh don chliant.

Dearadh Dátheangach cruthaitheach, Margaíocht & Fógraíocht
Sáraímid na deacrachtaí go léir a shamhlaítear le réiteach staiseanóireacht, cártaí, billeoga go dátheangach a sholáthar. Usáidimid ár ndearthóirí féin san obair go minic ach is féidir linn oibriú le dearthóirí agus clódóirí a roghnaíonn an client. Cuirtear san áireamh sa tseirbhís seo ár gcumas dearadh dátheangach a chruthú do bhróisiúir margaiochta, aitheantas chorpráideach, maisiú agus comharthaíocht ar fheicilí.