| Ó thús, thug taithí agus cumas na bainistíochta, comhairleoirí agus aistritheoirí uile buntáiste láidir dúinn agus sinn ag teacht isteach sa mhargadh seo - rud atá imithe ó neart go neart ó shin. Tá OISÍN cláraithe le Oifig na gCuideachtaí mar ainm trádála do Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teo. agus is comhlacht in úinéireacht phríobháideach é.
An bhéim ghnó atá in OISÍN is ea seirbhísí fónta i réimsí na pleanála agus comhairleoireachta, an aistriúcháin agus na foilsitheoireachta.
|