Mínítear anseo cuid de phríomh-phointí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 anseo thíos. Is féidir teacht ar théacs iomlán an achta ach gliogáil anseo:


Nascanna Úsáideacha
An Roinn Gnóthaí Pobail
Tuaithe & Gaeltachta
www.pobail.ie
 
An Coimisinéir Teanga
www.coimisineir.ie

Foras na Gaeilge
www.gaeilge.ie

Conradh na Gaeilge
www.cnag.ie
 
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
www.gaelport.com

‘Comhlacht, eagraíocht nó grúpa a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas, ó Roinn Stáit, ón bPríomh-Chiste nó ó chomhlacht poiblí a shonraítear i bhfomhír (2), (3) nó (4) den mhír seo in imthosca inarb éard é an méid, nó comhiomlán na méideanna, a fhaightear amhlaidh 50 faoin gcéad nó níos mó de chaiteachas reatha an chomhlachta, na heagraíochta nó an ghrúpa sin i mbliain airgeadais.’

Sceideal 1, (5) (a) - Acht na dTeangacha Ofigiúla 2003

De réir mar a thagann an nós agus feabhas ar chumas agus dáiríreacht na hearnála poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar as Gaeilge is ea a thiocfaidh borradh ar an éileamh ón bpobal agus a bheidh seirbhís dátheangach mar ghnáth rud. Creidimid go leanfaidh eilimintí cumasacha don earnáil phríobháideach an nós seo seirbhísí a sholáthar go dátheangach agus go dtabharfaidh an íomhá dátheangach seo mar chomhartha cumais agus feabhais thar iomaitheoirí ná soláthraíonn a leithéid in aonchor.

Tá fianaise don méid seo le feiscint cheana féin i mbainc agus in ollmhargaí.

An Coimisinéir Teanga
Uachtarán na hÉireann a cheapann An Coimisinéir Teanga go foirmiúil ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an cheapacháin.

Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Cuid 4 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga leagtha amach san Acht agus tá sé de dhualgas air a bheith neamhspleách i mbun a chúraimí.

 

Míniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é an tAcht seo an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil sa Ghaeilge.

Cuspóir an Achta

Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.

Bainfear é seo amach go príomha trí dhualgas reachtúil a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar "scéim" a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist. Leagtar síos san Acht gur féidir leis an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chuig chomhlachtaí poiblí chun cuidiú leo dréacht-scéim teanga a ullmhú. Fanfaidh na scéimeanna i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana agus ina dhiaidh sin caithfear iad a athnuachan. Úsáidfear an próiseas seo chun feabhas suntasach chéimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil.

Ina theannta sin, sonraítear roinnt forálacha ginearálta bunúsacha san Acht a mbeidh feidhm coitianta leo, mar shampla, comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, faisnéis a thabhairt don phobal i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, foilseacháin dhátheangacha de dhoiciméid thábhachtacha áirithe, úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, srl.

I measc na bhforálacha a leagtar síos san Acht, tá forálacha maidir le:

1. Cumhacht an Aire - le toiliú an Aire Airgeadais - rialacháin a dhéanamh chun lán-éifeacht a thabhairt do rud ar bith atá leagtha síos san Acht (Alt 4)

2. Ceart ag gach duine Gaeilge a úsáid os comhair ceachtar Tí den Oireachtas ina n-áirtítear aon choiste dá gcuid. (Alt 6)

3. Achtanna a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna (Alt 7)

4. Ceart ag duine éisteacht a fháil agus an Ghaeilge a úsáid in imeachtaí cúirte (Alt 8)

5. Dualgas comhlachtaí poiblí a chinntiú go n-úsáidtear Gaeilge amháin, nó an Ghaeilge agus an Béarla le chéile, ar fhógairtí béil - bíodh said beo nó taifeadta, ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí faoi réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire. (Alt 9(1))

6. Dualgas comhlachtaí poiblí comhfhreagras - i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach - i nGaeilge a fhreagairt sa teanga sin. (Alt 9(2))

7. Dualgas comhlachtaí poiblí a chinntiú go mbeidh aon chumarsáid- i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach - a dhéantear leis an bpobal chun faisnéis a thabhairt i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. (Alt 9 (3))

8. Dualgas comhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí Stáit iad freisin, doiciméid áirithe a mbeadh spéis ag an bpobal iontu, a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, mar shampla tuarascálacha bliantúla. (Alt 10)

9. Dualgas comhlachtaí poiblí scéim a ullmhú a leagfaidh síos na seirbhísí atá i gceist acu a sholáthar:
- trí mheán na Gaeilge amháin,
- trí mheán an Bhéarla amháin, agus
- trí mhéan na Gaeilge agus an Bhéarla araon;
agus na céimeanna atá i gceist a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh aon seirbhís nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge á soláthar sa teanga sin amach anseo (laistigh d'amscála atá le haontú - go bunúsach, chun deighilt a dhéanamh idir na seirbhísí atá le cur ar fáil laistigh de thréimhse feidhme scéim reatha agus na seirbhísí atá le cur ar fáil thar tréimhse níos faide. (Alt 11)

10. Réiteofar treoirlínte chun cabhrú le comhlachtaí poiblí scéim a ullmhú. (Alt 12)

11. Dualgas comhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil go leor foirne acu atá inniúil sa Ghaeilge. [Alt 13 (2)(c))],
- mbeidh freastal á dhéanamh ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht [Alt 13 (2)(d)]
- mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre ina gcuid oifigí atá lonnaithe sa Ghaeltacht laistigh de thréimhse ama a bheidh le haontú idir an comhlacht poiblí agus an Aire. [Alt 13(2)(e)]

12. Bunú Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla chun maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar an Acht agus chun féachaint chuige go gcuirfear é i bhfeidhm. Tabharfar An Coimisinéir Teanga ar an gCoimisinéir. Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus ceapfaidh an tUachtarán é nó í. (Alt 20)

13. Gaeilge amháin a bheith ag logainmneacha oifigiúla sa Ghaeltacht agus stadas comhionann a bheith ag an leagan Gaeilge agus Béarla do logainmneacha oifigiúla sa chuid eile den tír. (Cuid 5)

14. Freagracht ghinearálta ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le cinntiú go gcuirfear seirbhísí Stáit ar fáil trí Ghaeilge. (Altanna 4,5,11,12,14,15,16,&17)